|
|
|
Caitheamh Aimsire agus Áiseanna
Ionaid
Eachtraíochta. Tá cuid mhaith ionaid ina bhfuil
caitheamh aimsire tíre agus mara le fáil gar go
leor do bhaile. Tá rátaí laethúla
ar fáil.
- Oileáin Árann agus Inis Bó
Finne. Tá ch'aon áit beo le stair agus is fiú
cuairt a thabhairt orthu. Bíonn báid phaisinéirí
ag taisteal chucu go rialta sa samhradh, agus is féidir
taisteal ar bhád aeir go hÁrainn.
- Tránna. Tá tránna ghlana shábháilte
gar dhúinn i gCloch na Rón agus i mBaile Confhaola.
- Turais uisce. Tá
siad le fáil sa
Líonán, i Rinn Mhaoile agus ar Loch Coirib.
- Rothaíocht. Ritheann Eachtraíocht Ard Mór
turais rothaíochta ar Chonamara. Rothair ar cíos
sa gClochán.
- Proinntithe. Is aoibhinn a dhul amach le haghaidh
béile sa gClochán de bharr an rogha breá
bia, idir saor agus daor, atá ann.
- Iascach mara móire ón gClochán agus ó
Chloch na Rón. Neart deiseanna le haghaidh iascach slaite
agus dorú in áiteacha áitiúla atá
ar na ceanna is fearr in Éirinn.
- Marcaíocht capall. Tá ionad sa
gCloigeann agus in Iorras Leanán a théann ar aistreacha
do thosnaitheoirí agus do mharcaigh maithe.
- Eitilt. Chun breathnú anuas ón spéir ar
Chonamara agus ar an tír máguairt, cuir glaoch ar
Aer Árann ag 091 - 593024.
- Golf. Tabhair amach do mhaidí ar chúrsa
Bhaile Confhaola, nó b'fhéidir go dtabharfadh cúrsaí
Uachtar Ard, Leitir Móir, Ghleannlocha agus Chathair na
Mart do dhúshlán. Níl ceachtar acu i bhfad
ó bhaile.
- Cnocadóireacht agus Spaisteoireacht. Níl aon easpa
bealaí siúlóide sa gceantar, agus bíonn
turais threoraithe ó Ionad
Siúlóide Dun Gibbons.
- Turais
oileán. Is féidir cuairt a thabhairt ar go leor
dena hoileáin amach ón gcósta.
- Rásaí capall. Bíonn roinnt mhaith rásaí
capall i nGaillimh ar feadh na bliana, agus bíonn roinnt
i mBaile an Róba i rith an tséasúir freisin.
- Pitch agus Putt. Tá cúrsaí
sa gCladach Dubh agus sa Sraith Saileach.
- Tomadóireacht scuba. Eagraíonn Scuba Dive West
tomadóireacht.
- Siopadóireacht. Tá rogha maith
de shiopaí ceardaíochta agus dánlainn, a
bhfuil réimse breá cniotála, seodra, marmar,
leabhra, pictiúir, &rl. acu
|
Caisleán Áth
an Úir
|
Uachtar Ard |
| Mianach Airgid agus Luaidhe Ghlean Gabhla
|
Uachtar Ard |
| Mainistir na Coille Móire |
Coill Mór |
| Páirc NáisiúntaLeitirFraic
|
Leitir Fraic |
| Ionad Cultúrtha an Líonáin
|
An Líonán |
| Musaem Theach an Stáisiúin
|
an Clochán |
| Ionad Mara Oceans Alive |
Rinn Mhaoile |
| Teach an Phiarsaigh |
Ros Muc |
| Teach an Quiet Man |
Conga |
| Ionad Féileacáin na dTíortha
Teo |
Camus |
|
|