|
|
|
Cailiúil i amhráin agus scéalta
Sure
it' poor I am today,
For God gave and took away,
And left without a home poor Dan O'Hara
With these matches in my hand,
In the frost and snow I stand
So it's here I am today your brokenhearted

Tá áitreabh Dan O'Hara as Conamara, a bhfuil cliú
air i gcéin agus i gcongar de bharr an amhráin, tógtha
ar shean-láthair tí Dan. Chónaigh Dan i dteannta
a mhnaoi agus a sheachtar clainne i dteach beag faoi scáth na mBeanna
Beola. Mhaireadar go sona simplí ar hocht n-acra talún.
Fataí ba mhó a shaothraidís ach go mbíodh
roinnt eallach acu.
Bhaintí
an mhóin le haghaidh na tine ar an bportach in aice láimhe,
agus choinníodh sin te teolaí iad ar feadh an gheimhridh.
Ba teach cuartaíochta é tí Dan O'Hara, agus is iomaí
cleamhnas a déanadh os comhair na gríosaigh ar an teallach.
Ba é cruinniú na ndaoine, an scéalaíocht agus
na céilithe a choinnigh an dúchas agus an Ghaeilge beo.
Is fataí ba mhó a shaothraití ar fheilm Dan O'Hara.
Ba é bua na bhfataí ná go bhfásaidís
i ndroch-ithir, agus go gcoinneodh acra go leith cúigear nó
seisear, i dteannta muc, beo ar feadh leathbhliana. Chinntigh na fataí,
iad féin agus bláthach, go raibh muintir Chonamara ag an
am sláintiúil scafánta, má ba bocht féin
dóibh.
I
dteannta furmhór mhuintir Chonamara ag an am, ní raibh úinéireacht
ag Dan O'Hara ar an teach ar mhair sé ann ná ar an talamh.
D'íoc sé cíos leis an tiarna talún. Ach go
hobann tháinig deireadh lena shaol simplí soineanta. Bheartaigh
sé fuinneoga an tí a mhéadú agus hardaíodh
an cíos dá bharr. Ní raibh sé d'acmhainn aige
é a íoc agus cuireadh as seilbh é. Ní raibh
i ndán dó féin agus dá mhuirín ach
aghaidh a thabhairt ar an Talamh Nua, agus shroich sé Nua Eabhrach
agus gan ann ach an dé. Bhí a bhean agus triúr dena
páistí básaithe ar an bhfarraige mhóir. Bhí
sé bocht dearóil, gan pingin rua ina phóca, agus
ní raibh de rogha aige ach na páistí eile a thabhairt
uaidh. Is ag díol cipíní solais ar shráideanna
na cathrach sin, i bhfad ó Chonamara, a chaith sé laethanta
deiridh a shaoil.
|
|