|
|
|
An Gorta i gConamara Ba
é daonra na hÉireann sa mbliain 1800 ná 5 mhilliún,
agus faoin am ar tháinig an Gorta Mór bhí 8 milliún
sa tír. Bhí pobal mór láidir i gConamara san
19ú haois; pobal saibhir i ndúchas agus i stair, arbh í
an Ghaeilge gnáththeanga na ndaoine. Bhí furmhór
an phobail bocht gan teideal. Ní raibh úinéireacht
ag éinne ar an talamh a shaothraígh sé, agus b'fhurasta
iad a chur as seilbh. Bhí a n-áit cónaithe go hainnis,tithe
beaga tuí nó brácaí cloch le scrathacha portaigh
mar dhíon. Ní raibh an fhuinneog féin ar chuid díobh,
ach poll sa díon le haghaidh na deataigh. Ach in aimhneoin sin,
fuair cuairteoirí chuig an tír caidéis de chomh sláintiúil
scafánta agus a bhí na daoine. Bhí fear na hÉireann
dhá orlach níos airde ná a chomhionann i Sasana.
Ba é an fata, a tháinig go hÉirinn sa mbliain 1509,
ba chúis leis an daonra breá sláintiúil seo.
Bhí an fata i ndon fás ar dhroch-thalamh agus is beag saothrú
a theastaigh uaidh. Chothódh acra go leith fataí cúigear
nó seisear, i dteannta le muca agus eallach eile, ar feadh leathbhliana.
Díoladh ní ar bith eile a saothraíodh chun airgead
an chíosa a fháil, nó riachtanais eile a cheannacht.
Ach rinne an muinín ró-mhór sa bhfata léirscrios.
In 1845 bhuail galar ar a dtugtar "an dúchan" (phythophthora
infestans) an barr fataí, agus lobhadar cúpla bliain as
a chéile. Níor thug Rialtas Shasana móran aird ar
an ngéarchéim, agus bhásaigh na sluaite d'ocras agus
de thinneas. Cuireadh scéimeanna fóirithinte ar bun sa deireadh,
ach bhíodar ró-mhall le haon leas a dhéanamh. Leanadh
de bheith ag cur grán thar lear, agus go deimhin fágadh
grán gur lobh sé ar chéibh an Chlocháin, tráth,
chúns bhí na daoine ag fáil bháis den ocras.
D'fhág na céadta céibh an Chlocháin ar a
mbealach go Sasana, Meiriceá agus an Astráil. Is iomaí
sin soitheach a shroich ceann cúrsa agus an tríú
cuid dá paisinéirí básaithe leis an ocras
agus le tinneas ar an mbealach. Is i dteach na mbocht ar an gClochán
a chaith tuilleadh, a bhí ró-lag le n-imeacht, deireadh
a saoil. Rinne na Quakers a seacht ndícheall cabhair a thabhairt;
dháileadar anraith agus eile féachaint le faoiseamh a thabhairt
ón ocras agus ón mbochtanas. Ba é toradh an ghorta
ná gur tháinig athrú dochreidte ar shaol agus ar
shaothar Chonamara. Briseadh na tiarnaí talún, nascadh na
feilmeacha beaga, agus thosaigh an Ghaeilge ag meath.
|
|