|
|
|
Cúlra an Ionaid I
ndeireadh na n-ochtóidí bhí Nóra agus Máirtín
Breathnach ag saothrú 110 n-acra de thalamh ard i Leitir Séath,
chúig mhíle ón gClochán. Tá an talamh
chomh hanróiteach agus nárbh fhéidir slí bheatha
cheart a bhaint as.Bhí tréad bó bhainne, caoire,
agus roinnt capaillíní Chonamara acu. Bhí post eile
seachas an fheilm ag ch'aon duine acu, agus bhídís ag ligean
dhá theach ar cíos chun tuilleadh airgid a dhéanamh.Rinneadar
suas a n-intinn féachaint le bealaí eile a aimsiú
chun slí bheatha a bhaint as an bhfeilm, rud a bhí go mór
faoi chaibideal ag an am.
Bhí sean-fhothrach tí ar an bhfeilm, agus de réir
an tseanchais ba ann a mhair Dan O'Hara, a raibh a cháil i bhfad
agus i gcéin i scéalta agus in amhráin. Bhí
Dan ag iarraidh greim a bhéil a bhaint as ocht n-acra nó
gur caitheadh amach é, agus go mb'éigean dó aghaidh
a thabhairt ar Nua Eabhrach, áit ar chaith sé deireadh a
shaoil ag díol cipíní solais ar na sráideanna.
Chuaigh na Breathnaigh i mbun staidéir féachaint an bhféadfaí
caoi a chur ar an sean-teach, agus leas a bhaint as tionscal na turasóireachta
a bhí faoi réim sa gClochán ag an am. Chuadar i gcomhairle
le ranna éagsúla, ar nós
- Teagasc
- Turasóireacht Iarthar Éireann
- Bord Fáilte
- Bord Fiontair na Gaillimhe
- Ionad Gnó Nua
- Údarás na Gaeltachta
Déanadh staidéar ar indéantacht na hoibre, cuireadh
isteach ar dheontais, déanadh plean gnó, agus nuair a mhol
an banc leo chuadar chun cinn. Is in dhá staid a rinneadh an obair.
Staid 1
- Aththógáil tí agus feilme Dan
O'Hara
- Tógáil crannóige
- Tógáil seomra tae agus siopa ceardaíochta
Staid 2
- Seomra staire agus seomra cluasfhéachana
- Tógadh carráiste chun cuairteoirí
a iompar
- Tógadh clochán agus lios
- Nochtaigh Michael Gibbons (seandálaí
áitiúil) suíomh seandálaíochta
- Méadaíodh an siopa ceardaíochta
Tá duaiseanna éagsúla faighte ag an ionad
ó bunaíodh é, ar a bhfuil
- Duais Forbartha Feilme 1992
- Duais Turasóireacht Feilme (Gnó Beag)
1994, 1998
- Fundúireacht an Údaráis, 2ú
Duais, (Gnó Beag),1998
|
|