Oidhreacht & Stair Chonamara Is
leis na cóstaí agus na haibhneacha is mó a shocraigh
na chéad daoine a tháinig go Conamara. Ba sheilgeoirí
iad, agus is cairn aoiligh, atá ar fáil le cósta
fós, is mó a d'fhágadar mar uachta.
Thosnaigh feilméireacht i gConamara timpeall 6,000 bliain ó
shin. Dealraíonn sé gur thosnaigh na háitreoirí
ag baint na gcoillte sna gleannta, agus go mba eallach ba mhó a
thógadar, cé is moite de bheagán curaíochta.
Ach leanadar den tseilg agus den iascach freisin. Is deacair na chéad
fheilméirí, a gcreideamh agus a ngnása a ligean i
ndearmad, agus a bhfuil de thuambaí meigiliteacha ar fud na háite.
Tá
go leor de ghalláin, de chlocha díreacha agus d'uaigheanna
Chonamara ag dul siar chomh fada le Aois an Chré-umha. Is ón
Eoraip timpeall 1,000 B.C. a tháinig na Ceiltigh lena gcuid ceirdeanna
agus traidisiúin nua, ceanna atá fanta in Éirinn
fós. Ba laochra iad na Ceiltigh, agus tá an cruthúnas
sin le feiceáil fós i bhfothraigh na ndúin arda agus
sna crannóga. Tá lios agus crannóg aththógtha
le feiceáil i dtimpeallacht an ionaid oidhreachta.
next: >>
history presentation 2
|