Críostaíocht i gConamara
Is le Naomh Pádraig, a tháinig ina ghiall ar dtús,
a ghlactar buíochas as an gCríostaíocht a thabhairt
go hÉirinn. Ceaptar gur shocraigh a lucht leanúna ar chreideamh
na dtiarnaí agus na dtaoisigh a athrú i dtosach le súil
go leanfadh an slua a sampla. Fitheadh go leor deasghnása págánach
isteach sa gCríostaíocht, ar nós adhradh toibreacha
fíoruisce, agus turas Mhám Éan agus Chruach Phádraig.
Tá go leor dena traidisiúin sin coinnithe suas fós.
D'fheil iargúltacht Chonamara do mhanaigh thús ré
na Críostaíochta, agus tá fothraigh mainistreacha
ar go leor oileáin amach ón gCósta Thiar.
Ba
máirnéalaigh iad na Flaithbheartaigh a raibh caisleáin
acu in áiteacha feiceálacha ar fud an chósta. Ba
iad na Normánaigh a sheol siar iad, agus chuireadar taoisigh na
linne, na Cadhlaigh agus Con Maicne Mara, dá gcosa. Is ag cur troda
ar shiopadóirí saibhre Normánach chathair na Gaillimhe
is mó a chaitheadar a saol; agus scríofa ar leacht i mballaí
na cathrach sin bhí an mana "From the fury of the O'Flahertys,
good Lord deliver us". Ach sa deireadh, cuireadh na Flaithbheartaigh
as seilbh nuair a baineadh díobh a gcuid tailte aimsir Chromail.
Ansin thug siad a n-aghaidh ar smugláil, scriosadh agus malartú
olna ar fhíon ar mhór-roinn na hEorpa.
First Settlers in Connemara
Christianity & The Ferocious O' Flaherty's
Prominent Connemara Families- The Martins & The D'arcys
Transport & Communications in Connemara
Famine in Connemara |