|
|
|
Guided Tours Tá
turais threoraithe den ionad, ar a bhfuil ceirdeanna spéisiúla
ar nós tuídóireacht, aoireacht caorach, baint mhóna,
&rl. ar fáil do ghrúpaí. Ar an turas, déantar
tráchtaireacht ar stair agus ar thraidisiúin Chonamara,
ar Dan O'Hara, agus ar aon ábhair spéise eile a bhíonn
sa nuaíocht ag an am. Castar bhéarsa d'amhrán Dan
O'Hara do na cuairteoirí freisin.
Tugtar na cuairteoirí i gcaráiste go barr an chnoic os
cionn Phortach Chloch na Rón, atá ar cheann dena portaigh
clúdaithe is mó in Éirinn. Thosaigh an portach ag
fás timpeall 7,000 bliain ó shin. Is faoi fhoraois a bhí
an limistéar roimh an bportach, agus fós féin faigheann
lucht bainte móna rútaí na gcrainnte thíos
in íochtar. Agus sén chúis gur mhaireadar an t-achar
sin ná nach bhfuil aon aer sa bportach. Tá muintir na hÉireann
fré chéile ag baint leasa as móin le haghaidh teasa
leis na céadta bliain. Ach sa lá atá inniu ann, tá
Portach Chloch na Rón caomhnaithe ag an Aontas Eorpach agus is
Ceantar Nádúrtha Oidhreachta é.
Sé
Capaillín Chonamara an t-aon chapall nó pónaí
dúchasach in Éirinn, agus tá os cionn dhá
mhíle bliain curtha dhe aige i measc cnoic Chonamara. Tá
cáil bainte amach acu as ucht a spiorad coimhlinte, a sástacht,
agus a scafántacht. Tá iarratas mór orthu ar fud
an domhain uile, agus bíonn seó cáiliúil Chapaillíní
Chonamara sa gClochán mí Lúnasa chuile bhliain.
|
|